Skip to main content

Field to fork

EFSA – Eolaíocht, 
bia sábháilte, inbhuanaitheacht

Is é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an comhlacht tagartha chun measúnú riosca a dhéanamh ar bhia agus ar bheatha san Aontas Eorpach.

Video file
farm

Cé sinne?

Bunaíodh EFSA faoi dhlí AE in 2002 tar éis sraith de ghéarchéimeanna bia. Cuirimid an bonn eolaíoch ar fáil le haghaidh dlíthe agus rialachán chun tomhaltóirí na hEorpa a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bia – ón bhfeirm go dtí an forc.

Ár gcuspóir

Cuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú

Córas sábháilteachta bia san AE a fheabhsú

Muinín i soláthar bia an AE a athbhunú agus a chothabháil

farm

Ár bhfís

Tomhaltóirí, ainmhithe, plandaí agus an comhshaol a chosaint trí chomhairle eolaíoch neamhspleách thrédhearcach a thabhairt maidir le rioscaí sa bhiashlabhra ón bhfeirm go dtí an forc.

An méid a dhéanaimid (agus an méid nach ndéanaimid)

Is é croílár ár ngníomhaíochtaí fianaise eolaíoch a bhailiú, a mheas agus a chomhtháthú chun ceisteanna a fhreagairt faoi rioscaí.

1

Comhairle agus tacaíocht eolaíoch neamhspleách a chur ar fáil do bhainisteoirí riosca agus do lucht ceaptha beartas an AE maidir le sábháilteacht bia agus beatha

2

Cumarsáid thráthúil neamhspleách maidir le rioscaí a chur ar fáil

3

Comhar eolaíoch a chur chun cinn

Ní dhéanaimid an méid seo a leanas:

1

Beartais agus reachtaíocht sábháilteachta bia a fhorbairt

2

Rialacháin a ghlacadh, margaíocht táirgí nua a údarú

3

Reachtaíocht sábháilteachta bia a fhorfheidhmiú

Clúdaíonn ár gcuid oibre an slabhra bia ar fad ón bhfeirm go dtí an forc

Tá eolas, taithí agus cinnteoireacht

shaineolaithe eolaíochta EFSA

i gcroílár ár gcuid oibre.

Tá gach rud a dhéanaimid treoraithe ag ár luachanna

  • Barr feabhais
  • Neamhspleáchas
  • Oscailteacht
  • Cuntasacht
  • Comhar

Tá oscailteacht agus trédhearcacht ina bpríomhluachanna ag EFSA ó bunaíodh é.

Ár gcomhoibrithe

idea

Oibrímid go dlúth

le comhpháirtithe agus le páirtithe leasmhara

ó gach cearn den Eoraip agus ar fud an domhain, agus comhroinnimid saineolas, sonraí agus eolas eolaíochta. Áirítear leo sin:

  • Ballstáit an AE
  • Institiúidí agus gníomhaireachtaí an AE
  • Eagraíochtaí inniúla
  • Páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta
  • Comhpháirtithe idirnáisiúnta

Comhar ar fud an AE agus ar fud an domhain

Tá EFSA lonnaithe i gcroílár Parma, agus tá sé ina dhlúthchuid de chóras sábháilteachta bia an AE. Is iad saineolaithe aonair agus eagraíochtaí inniúla ár bpríomh-chomhpháirtithe eolais.

Chun an caidreamh seo a chothú, comhoibrímid go dian le heagraíochtaí measúnaithe riosca na mBallstát tríd an bhFóram Comhairleach , trí na Pointí Fócasacha Náisiúnta agus tríár Líonraí Eolaíochta , agus déanaimid cumas a fhorbairt iontu. Ar an gcaoi chéanna, oibrímid le gníomhaireachtaí AE eile, agus tá dlúth-theagmhálacha oibre forbartha againn lenár gcomhpháirtithe i gClár Réamhaontachais an AE agus i gcomharsanacht an AE .

Cuireann tionchar na trádála idirnáisiúnta, na ngluaiseachtaí daonna agus an athraithe aeráide, gan ach cuid díobh a lua, gné dhomhanda le saincheisteanna um shábháilteacht bia. Bíonn malartuithe rialta ag EFSA le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí bia i roinnt tíortha ar fud an domhain.

max zoomed in map
zoomed in map
word map

Comhar ar fud an AE agus ar fud an domhain

Tá EFSA lonnaithe i gcroílár Parma, agus tá sé ina dhlúthchuid de chóras sábháilteachta bia an AE. Is iad saineolaithe aonair agus eagraíochtaí inniúla ár bpríomh-chomhpháirtithe eolais.

map of Italy

Chun an caidreamh seo a chothú, comhoibrímid go dian le heagraíochtaí measúnaithe riosca na mBallstát tríd an bhFóram Comhairleach, trí na Pointí Fócasacha Náisiúnta agus tríár Líonraí Eolaíochta, agus déanaimid cumas a fhorbairt iontu. Ar an gcaoi chéanna, oibrímid le gníomhaireachtaí AE eile, agus tá dlúth-theagmhálacha oibre forbartha againn lenár gcomhpháirtithe i gClár Réamhaontachais an AE agus i gcomharsanacht an AE.

world map

Cuireann tionchar na trádála idirnáisiúnta, na ngluaiseachtaí daonna agus an athraithe aeráide, gan ach cuid díobh a lua, gné dhomhanda le saincheisteanna um shábháilteacht bia. Bíonn malartuithe rialta ag EFSA le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí bia i roinnt tíortha ar fud an domhain.

hand holding puzzle
 
Ár modh oibre

Déantar an chuid is mó d'obair EFSA mar fhreagra ar iarratais ar chomhairle eolaíoch ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Bhallstáit an AE. Déanaimid obair eolaíochta as ár stuaim féin freisin, go háirithe chun saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus guaiseacha nua a scrúdú, agus chun ár modhanna agus ár gcuir chuige measúnaithe a nuashonrú.

hand holding puzzle
puzzles
puzzles

An próiseas measúnaithe riosca

1

Sainordú/iarratas a fháil

Faigheann EFSA iarratas ar chomhairle eolaíoch (ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa nó ó na Ballstáit) nó cuireann sé tús lena ghníomhaíocht féin.

Comhaontaítear sainordú, lena n-áirítear téarmaí tagartha agus spriocdháta; i gcás iarratas margaidh, déanann EFSA a n-iomláine a sheiceáil/a bhailíochtú agus d’fhéadfadh sé tuilleadh faisnéise eolaíochta a iarraidh ón iarratasóir.

Ansin sanntar an sainordú do cheann de phainéil eolaíochta EFSA nó dá Choiste Eolaíochta agus cuirtear ar fáil é ar thairseach OpenEFSA.

2

Measúnú

De ghnáth, is sainghrúpa oibre a dhéanann an measúnú riosca, a dhéanann athbhreithniú ar an bhfaisnéis eolaíoch atá ar fáil, agus d’fhéadfadh sé leas a bhaint as líonraí bailithe sonraí EFSA nó glao oscailte ar shonraí a sheoladh.

Forbraíonn an grúpa oibre dréacht agus cuireann sé faoi bhráid an phainéil ábhartha é lena phlé.

Is minic a bhíonn comhairliúcháin phoiblí á reáchtáil ag EFSA maidir le dréacht-aschuir chun machnamh a dhéanamh ar na tuairimí sa doiciméad athbhreithnithe.

3

Glacadh & foilsiú

Glacann tromlach de chomhaltaí an phainéil an measúnú – agus déantar aon tuairim mhionlach a thaifeadadh.

Déantar an t-aschur – ar tuairim eolaíoch é de ghnáth, ach d'fhéadfadh ráiteas, treoirdhoiciméad nó cineál eile aschuir a bheith i gceist – a fhoilsiú in Iris EFSA, is í sin ár n-iris eolaíochta ar líne a bhfuil rochtain oscailte uirthi.

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí cumarsáide a ghabháil leis an bhfoilseachán.

Cumarsáid maidir le rioscaí

Tá sainordú EFSA chun cumarsáid a dhéanamh ar bhealach soiléir agus inrochtana cumhdaithe inár rialachán bunaidh.

Tá cumarsáid atá comhordaithe ar leibhéal an AE agus ar leibhéal na mBallstát ríthábhachtach chun muinín an phobail inár gcóras um shábháilteacht bia a chothabháil agus a neartú.

Cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint le cumarsáid maidir le rioscaí

  • Dearcthaí na dtomhaltóirí ar rioscaí sábháilteachta bia agus beatha a thuiscint
  • An bhearna idir an eolaíocht agus tomhaltóirí a dhúnadh
  • Teachtaireachtaí comhsheasmhacha a chur chun cinn agus a scaipeadh

Cur chuige tús áite don spriocphobal

Tá cur chuige tús áite don spriocphobal forbartha ag EFSA – lena ndírítear ábhair chumarsáide shonracha ar spriocphobail éagsúla trí

uirlisí agus ardáin

iomchuí chun freastal ar riachtanais faisnéise a spriocphobal (spriocphobail saineolaithe, teicniúla agus neamhspeisialaithe).

Dúshláin amach anseo

Feidhmíonn EFSA i ndomhan ina n-athraíonn cúrsaí go han-tapa agus ní mór dó a áirithiú gur féidir leis leanúint dá mhisean a chomhlíonadh. Feicimid dhá shraith de dhúshláin sna blianta atá le teacht.

Dúshláin sa tsochaí

  • Ionchais an phobail maidir le trédhearcacht agus rannpháirtíocht
  • Eolas eolaíoch atá ag teacht chun cinn, rud a chruthaíonn gá le cuir chuige nuálacha comhoibríocha
  • Tionchar an domhandaithe agus an athraithe aeráide
  • Saineolas a bheith ar fáil do riachtanais ildisciplíneacha EFSA

Dúshláin maidir le measúnú riosca

  • Rioscaí comhshaoil agus rioscaí atá ag teacht chun cinn
  • Meastóireacht sábháilteachta ar tháirgí nua
  • Modhanna nua measúnaithe a fhorbairt
  • Meascáin cheimiceacha / comhthocsaineacht substaintí i mbia
  • Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha
 
Le chéile ar mhaithe le todhchaí atá sábháilte agus inbhuanaithe

Is í an eolaíocht is déanaí bunús ár n-iarrachtaí. Tá dlúthnasc idir sláinte an duine agus folláine ainmhithe, plandaí agus an chomhshaoil. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin um shábháilteacht bia a bheidh ann amach anseo bunaithe ar an eolaíocht is déanaí, agus chun tacú leis an aistriú i dtreo córas bia inbhuanaithe, leanaimid de chomhpháirtíochtaí láidre a thógáil laistigh den AE agus níos faide i gcéin.