Skip to main content
Banner Health Claims

Maíomh sláinte

An bhfuil an maíomh sláinte mar ‘is féidir colaistéaról a laghdú’ ar phacáistíocht iontaofa?

Áirithíonn rialacháin Eorpacha go bhfuil bonn cirt eolaíoch le gach maíomh sláinte a dhéantar ar lipéid, ar fhógraíocht nó ar tháirgí margaíochta eile agus go mbeidh siad éasca le tuiscint ag tomhaltóirí.

Is ionann maíomh sláinte agus aon ráiteas maidir le gaol idir bia agus sláinte. Mar shampla, d’fhéadfadh maíomh sláinte a thabhairt le fios go “laghdaítear meáchan coirp” le bia áirithe nó “go gcoinníonn sé gnáthfheidhm mhatáin”.

Deir maíomh cothaithe ar an taobh eile, nó tugann sé le tuiscint, go bhfuil airíonna cothaitheacha tairbheacha i mbia, amhail “saill íseal”, “gan siúcra breise” agus “ardleibhéal snáithín”.

Le chéile, cosnaíonn rialtóirí Eorpacha agus náisiúnta tomhaltóirí ar fhaisnéis mhíchruinn nó mhíthreorach a bhaineann le bia.

Mar eolaithe in EFSA, déanaimid dianmheastóireacht ar an bhfianaise eolaíoch atá mar bhonn le maíomh sláinte ar phacáistíocht bhia, rud a áirithíonn gur féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as an bhfaisnéis a bhíonn uathu chun roghanna eolasacha a dhéanamh.

Leng Heng, saineolaí cothaithe ag EFSA.

Tá an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus a shaineolaithe ó gach cearn den Eoraip freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch a thacaíonn leis na cineálacha sin de mhaíomh maidir le bia.

Cinneann an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit an ceart maidir le maíomh a údarú agus leis an bhfoclaíocht is féidir a úsáid.

Mixed nuts and seeds