Eolaíocht lena gcosnaítear tomhaltóirí ón bpáirc go dtí an forc

Tá biashlabhra na hEorpa ag forbairt go leanúnach agus tá sainchúram EFSA tagtha chun cinn chun líon réimsí a bhaineann le sábháilteacht an bhiashlabhra atá ag éirí níos casta a chlúdach: galair bhia-iompartha, éilleáin, sláinte agus leas ainmhithe, cosaint plandaí, táirgeadh agus dáileadh bia chomh maith le nuálaíocht in earnáil an bhia, i measc eile. Léirítear sa bhróisiúr seo, ar bhealach simplí ach teagascach, an chaoi a bhfuil an chomhairle a thugann EFSA do bhainisteoirí riosca mar bhonn agus mar thaca le go leor de na dlíthe agus de na rialacháin atá i bhfeidhm chun tomhaltóirí Eorpacha a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bia – ón bpáirc go dtí an forc.