Skip to main content
two glasses of dragon fruit smoothie

Bianna Núíosacha

An iad feithidí bia na todhchaí?

Tagann bianna nua agus neamhghnácha ar ár bplátaí an t-am ar fad, agus tháinig príomhbhianna amhail bananaí, prátaí, trátaí, agus rís go léir chun na hEorpa uair amháin mar bhianna núíosacha.

Le linn na staire, chuireamar cineálacha nua bia lenár n-aistí bia, comhábhair bhia nó bealaí chun bia a tháirgeadh, a fuarthas ó gach cearn den phláinéid. Agus anois agus an domhan níos domhandaithe na mar a bhí riamh, agus an cuardach le haghaidh cách nua agus foinsí cothaithigh, tá níos mó roghanna ná riamh maidir lena n-ithimid.

Meastar gur bia núíosach é bia san AE mura n-ídítear go forleathan é roimh mhí na Bealtaine 1997 agus cumhdaítear leis freisin bianna nua, bia ó fhoinsí nua, comhábhair nua a úsáidtear i mbia chomh maith le bealaí agus teicneolaíochtaí nua chun bia a tháirgeadh.

I measc roinnt breiseanna níos nuaí leis an aiste bia Eorpach tá síolta chia nó gráin chuineo ó Mheiriceá Theas. Tá próifíl d’aigéad sailleach ar leith ag ola an chrústaigh bhig crille agus fuair sé a bhealach isteach i mbianna agus i bhforbhianna. Agus i gcás daoine níos fiontraí, is féidir criogair, minphéisteanna, nó dreoilíní teaspaigh, atá ina mbia traidisiúnta agus ina bpríomhbhianna coitianta i gcodanna den domhan, a ithe mar shneaiceanna nó mar chuid de mhiasa éagsúla. Tá bianna ann freisin a tháirgtear ag baint úsáide as próiseáil nua, amhail bainne cóireáilte le UV agus arán cóireáilte le UV.

A bhuí le héagsúlacht an domhain, leár n-idirghníomhú le cultúir eile, agus le nuálaíocht, leanfaidh bianna núíosacha de bheith ag iarraidh a mbealach a dhéanamh ar ár dtáblaí, ag soláthar roghanna nua cothaithe. Lenár measúnuithe sábháilteachta atá bunaithe ar eolaíocht, déanaimid seiceáil an bhfuil na bianna nua sin sábháilte.

Ermolaos Ververis, ceimiceoir bia atá ag obair ag EFSA

Ach sula n-ídímid aon bhianna núíosacha, mar ata le bia ar bith, ní mór dúinn a bheith cinnte go bhfuil siad sábháilte. Fágann sé sin go ndéantar measúnú sábháilteachta ar bhianna núíosacha. Déanann eolaithe ag EFSA measúnuithe riosca ar shábháilteacht bia núíosaigh ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach, agus ní mór do ghnólachtaí bia ar mian leo bia núíosach nó comhábhar bia a chur ar an margadh den chéad uair san AE iarratas a dhéanamh ar údarú sula gcuirfidh siad tús a chur lena dtrádáil.