Skip to main content

Conas iarratas a dhéanamh agus a bheith mar chuid dár bhfoireann

Má tá tú paiseanta faoi bhia agus más mian leat dul isteach in EFSA inár misean chun bia a choinneáil sábháilte do shaoránaigh na hEorpa, moltar go láidir duit gairm linn a fhiosrú. Is é seo forbhreathnú ar an eolas ar fad atá uait maidir leis an bpróiseas earcaíochta.

Tá tusa de dhíth ar bhia

Tugann ár bhfoireann réimse leathan de dhaoine gairmiúla le chéile ó chúlraí agus ó náisiúntachtaí éagsúla. Is é an rud atá i gcoiteann againn go léir ná ár dtiomantas maidir le sábháilteacht bia. Má tá na comhábhair agat chun cur lenár gcuid oibre, beimid sásta fáilte a chur romhat mar dhuine díobh seo a leanas:

  • ball foirne in Parma
  • saineolaí ar cheann dár bpainéil eolaíochta
  • aoi-thaighdeoir nó saineolaí náisiúnta ar iasacht
  • oiliúnaí

Tá beartas comhdheiseanna á chur i bhfeidhm againn. Má tá míchumas nó riocht ort a bhféadfadh socruithe speisialta a bheith ag teastáil ina leith chun na tástálacha a theastaíonn le linn an nós imeachta roghnúcháin a dhéanamh, cuir in iúl dúinn le do thoil tríd an bhfoirm iarratais ar líne.

1. Cruthaigh do chuntas

Ar ár leathanach gairmeacha, cliceáil ar an ngrúpa gairme a bhfuil suim agat ann – foireann, saineolaithe, daoine gairmiúla óga nó daoine ar iasacht – agus cruthaigh do phróifíl.

Nuair a bheidh próifíl cruthaithe agat, féadfaidh tú í a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phoist le haghaidh gairme de chineál ar bith in EFSA, fiú sa chás go raibh do chéad iarratas nasctha le roinn gairme ar leith.

Mura bhfuil aon deiseanna ann faoi láthair a mheaitseálann do thaithí agus do scileanna, is féidir leat clárú freisin chun foláirimh phoist a fháil.

2. Comhlánaigh do phróifíl agus cuir isteach d’iarratas

Nuair a bheidh do phróifíl cruthaithe agat, is féidir leat tús a chur le d’fhaisnéis phearsanta a líonadh isteach. Cliceáil ar cur isteach chun é a bhailíochtú agus a roinnt.

Is féidir leat an t-eolas go léir a cuireadh isteach a athrú ag am ar bith ach cliceáil ar “Mo chuid aighneachtaí”.

Úsáidfear an t-eolas freisin chun d’fhoirmeacha iarratais amach anseo a líonadh roimh ré.

Tar éis duit d’iarratas ar fholúntas poist ar leith a chur isteach, bíonn éagsúlacht sa nós imeachta, ag brath ar cibé acu a rinne tú iarratas le bheith i do bhall foirne, i do shaineolaí painéil, i do shaineolaí náisiúnta ar iasacht nó i d’oiliúnaí.

3. Céard é an chéad chéim eile?

Déantar gach iarratas a scagadh bunaithe ar riachtanais na próifíle poist atá luaite san fhógra folúntais. Más rud é gur tusa duine de na hiarratasóirí is oiriúnaí, tabharfar cuireadh duit cleachtadh measúnaithe a dhéanamh (agallamh agus triail scríofa de ghnáth).

D’fhéadfadh sé go mbunófaí painéal d’iarrthóirí oiriúnacha don phost (Daoine Oilte). Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanann an cinneadh críochnaitheach maidir leis an gceapachán. Má éiríonn le d’iarratas, gheobhaidh tú litir tairisceana leictreonach i do phróifíl.

1. Cruthaigh do chuntas

Ar ár leathanach gairmeacha, cliceáil ar an ngrúpa gairme a bhfuil suim agat ann – foireann, saineolaithe, daoine gairmiúla óga nó daoine ar iasacht – agus cruthaigh do phróifíl.

Nuair a bheidh próifíl cruthaithe agat, féadfaidh tú í a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phoist le haghaidh gairme de chineál ar bith in EFSA, fiú sa chás go raibh do chéad iarratas nasctha le roinn gairme ar leith.

Mura bhfuil aon deiseanna ann faoi láthair a mheaitseálann do thaithí agus do scileanna, is féidir leat clárú freisin chun foláirimh phoist a fháil.

2. Comhlánaigh do phróifíl agus cuir isteach d’iarratas

Nuair a bheidh do phróifíl cruthaithe agat, is féidir leat tús a chur le d’fhaisnéis phearsanta a líonadh isteach. Cliceáil ar cur isteach chun é a bhailíochtú agus a roinnt.

Is féidir leat an t-eolas go léir a cuireadh isteach a athrú ag am ar bith ach cliceáil ar “Mo chuid aighneachtaí”.

Úsáidfear an t-eolas freisin chun d’fhoirmeacha iarratais amach anseo a líonadh roimh ré.

Tar éis duit d’iarratas ar fholúntas poist ar leith a chur isteach, bíonn éagsúlacht sa nós imeachta, ag brath ar cibé acu a rinne tú iarratas le bheith i do bhall foirne, i do shaineolaí painéil, i do shaineolaí náisiúnta ar iasacht nó i d’oiliúnaí.

3. Céard é an chéad chéim eile?

Tá sé mar aidhm againn buíon de dhaoine óga cumasacha a chruthú agus, dá bhrí sin, glaonna oscailte d’oiliúnaithe a fhoilsiú. Déantar gach iarratas a scagadh bunaithe ar na critéir incháilitheachta.

Más rud é gur tusa duine de na hiarratasóirí is oiriúnaí, téitear i dteagmháil leat le haghaidh agallaimh theileafóin nó agallaimh ar líne chun d’infhaighteacht agus d’ionchais a phlé. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanann an cinneadh bunaithe ar mholadh an aonaid/na foirne. Má éiríonn leat, gheobhaidh tú litir tairisceana leictreonach i do phróifíl.

1. Cruthaigh do chuntas

Ar ár leathanach gairmeacha, cliceáil ar an ngrúpa gairme a bhfuil suim agat ann – foireann, saineolaithe, daoine gairmiúla óga nó daoine ar iasacht – agus cruthaigh do phróifíl.

Nuair a bheidh próifíl cruthaithe agat, féadfaidh tú í a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phoist le haghaidh gairme de chineál ar bith in EFSA, fiú sa chás go raibh do chéad iarratas nasctha le roinn gairme ar leith.

Mura bhfuil aon deiseanna ann faoi láthair a mheaitseálann do thaithí agus do scileanna, is féidir leat clárú freisin chun foláirimh phoist a fháil.

2. Comhlánaigh do phróifíl agus cuir isteach d’iarratas

Nuair a bheidh do phróifíl cruthaithe agat, is féidir leat tús a chur le d’fhaisnéis phearsanta a líonadh isteach. Cliceáil ar cur isteach chun é a bhailíochtú agus a roinnt.

Is féidir leat an t-eolas go léir a cuireadh isteach a athrú ag am ar bith ach cliceáil ar “Mo chuid aighneachtaí”.

Úsáidfear an t-eolas freisin chun d’fhoirmeacha iarratais amach anseo a líonadh roimh ré.

Tar éis duit d’iarratas ar fholúntas poist ar leith a chur isteach, bíonn éagsúlacht sa nós imeachta, ag brath ar cibé acu a rinne tú iarratas le bheith i do bhall foirne, i do shaineolaí painéil, i do shaineolaí náisiúnta ar iasacht nó i d’oiliúnaí.

3. Céard é an chéad chéim eile?

Más Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht (SNI) nó Cuairteoir Aoi-Chláir thú, beidh tú mar chuid den bhuíon saineolaithe incháilithe a d’fhéadfaí a thabhairt ar iasacht chuig EFSA ar feadh tréimhse teoranta.

Sannfar thú do cheann dár n-aonaid de réir do réimse spéise agus do shaineolais.

Déantar gach iarratas a scagadh bunaithe ar riachtanais an ghlao ábhartha arna fhoilsiú ag EFSA. Más rud é gur tusa duine de na hiarratasóirí is oiriúnaí, glaofar ort le haghaidh agallaimh theileafóin nó agallaimh ar líne de réir mar is gá.

I gcás scéim SNI, déanfar comhfhreagras oifigiúil a mhalartú idir Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA agus údarás an iarrthóra rathúil. Má éiríonn leat, síneoidh EFSA, d’fhostóir agus tú féin an comhaontú foirmiúil.

Maidir le scéim an Aoi-Chláir, gheobhaidh tú tairiscint socrúcháin ina luafar an dáta tosaigh, fad an tsocrúcháin agus láthair iarbhír an tsocrúcháin. Cuirfear d’fhostóir/d’ollscoil ar an eolas freisin, agus beidh d’iontráil údaraithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

1. Cruthaigh do chuntas

Ar ár leathanach gairmeacha, cliceáil ar an ngrúpa gairme a bhfuil suim agat ann – foireann, saineolaithe, daoine gairmiúla óga nó daoine ar iasacht – agus cruthaigh do phróifíl.

Nuair a bheidh próifíl cruthaithe agat, féadfaidh tú í a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phoist le haghaidh gairme de chineál ar bith in EFSA, fiú sa chás go raibh do chéad iarratas nasctha le roinn gairme ar leith.

Mura bhfuil aon deiseanna ann faoi láthair a mheaitseálann do thaithí agus do scileanna, is féidir leat clárú freisin chun foláirimh phoist a fháil.

2. Comhlánaigh do phróifíl agus cuir isteach d’iarratas

Nuair a bheidh do phróifíl cruthaithe agat, is féidir leat tús a chur le d’fhaisnéis phearsanta a líonadh isteach. Cliceáil ar cur isteach chun é a bhailíochtú agus a roinnt.

Is féidir leat an t-eolas go léir a cuireadh isteach a athrú ag am ar bith ach cliceáil ar “Mo chuid aighneachtaí”.

Úsáidfear an t-eolas freisin chun d’fhoirmeacha iarratais amach anseo a líonadh roimh ré.

Tar éis duit d’iarratas ar fholúntas poist ar leith a chur isteach, bíonn éagsúlacht sa nós imeachta, ag brath ar cibé acu a rinne tú iarratas le bheith i do bhall foirne, i do shaineolaí painéil, i do shaineolaí náisiúnta ar iasacht nó i d’oiliúnaí.

3. Céard é an chéad chéim eile?

Má thug tú freagra ar ghlao oscailte ar shaineolaithe eolaíochta chun bheith ar Choiste agus Painéil Eolaíochta EFSA, tá d’iarratas mar chuid de nós imeachta foirmiúil ina roghnaítear comhaltaí na bpainéal sin.

Tar éis próiseas roghnúcháin críochnúil, ceapann Bord Bainistíochta EFSA comhaltaí nua an Choiste agus na bPainéal Eolaíochta, bunaithe ar ghearrliosta arna chur isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Déantar an Coiste Eolaíoch agus na Painéil Eolaíocha a athnuachan gach 5 bliana.

Cuirimid beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacaimid le hiarratais gan chlaonadh ar fhorais amhail inscne, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht le mionlach náisiúnta, réadmhaoin, breith, míchumas nó gnéaschlaonadh.
Is féidir. Is féidir freisin do shonraí agus d’eolas a athrú go díreach san fhoirm iarratais, suas go dtí spriocdháta deiridh an ghlao. Téigh chuig ‘Mo chuid aighneachtaí’ más mian leat rud ar bith a athrú.
Is i mBéarla a bheidh an próiseas roghnúcháin den chuid is mó, ach d’fhéadfaí tástáil a dhéanamh ar eolas ar theangacha eile AE freisin. Táthar ag súil go mbeidh cainteoirí dúchais Bhéarla in ann a léiriú go bhfuil eolas acu ar an dara teanga AE.
Sular féidir leat cuntas a chruthú, iarrfar ort glacadh le comhaontú príobháideachais, rud a ráthaíonn go bpróiseálfar do chuid faisnéise pearsanta i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

 

Tuilleadh Ceisteanna Coitianta

Faigh foláirimh phoist

Inár mbunachar sonraí is féidir leat clárú chun iarratas a dhéanamh ar phost oscailte nó is féidir leat clárú le haghaidh foláireamh poist mura bhfuil aon phost oiriúnach ar fáil faoi láthair.

Cruthaigh foláireamh poist